Cláir

Ag Cabhrú Leat Fás, Foghlaim agus Rath a Bhaint Amach

Ó dhaoine a fhágann an scoil go dtí iad siúd atá ag lorg tús úr, cuirimid réimse clár saincheaptha ar fáil:

  • Fanacht ar scoil iar-16

    Tá ár gclár ‘fanacht ar scoil’ Iar-16 deartha go sonrach bunaithe ar riachtanais dhaltaí Choláiste Feirste i mbliain 13 agus 14. Tugann an clár seo deis do dhalta ag an scoil filleadh ar scoil i ndiaidh TGM agus rochtain a fháil ar ghairmoiliúint in NVQ nó Dioplóma aitheanta agus é  san am chéanna ag déanmah staidéir ar scoil.

    faigh amach níos mó
  • Scileanna don tSaol agus don Obair

    Is clár oiliúna é Scileanna don tSaol agus don Obair atá dírithe ar dhuine ar bith atá 16 nó 17 mbliana d’aois a d’fhág an scoil. Cuireann an clár oiliúint ar fáil i réimse gairme, chomh maith le Matamaitic, Béarla, TFC agus Infhostaitheacht.

    faigh amach níos mó
  • Acadaimh

    Tá ár n-acadaimh ar fáil do dhuine ar bith os cionn 16 bliana d’aois atá ag iarraidh cáilíocht a bhaint amach le fostaíocht a fháil nó do dhuine ar bith atá ag iarraidh cáilíocht a bhaint amach le post ar phá níos fearr a fháil.

    faigh amach níos mó
  • Printíseachtaí

    Oiliúint ar an láthair oibre ina dtuilleann tú de réir mar a fhoghlaimíonn tú

    faigh amach níos mó
  • OBAIR

    Tacaíonn clár OBAIR le foghlaimeoirí agus iad ag bogadh isteach i bhfostaíocht trí ghairmoiliúint, scileanna infhostaitheachta agus meantóireacht duine le duine a chomhcheangal. Is minic a thógtar é in éineacht le clár eile chun dul chun cinn rianúil isteach san obair a chinntiú.

    faigh amach níos mó