Forbhreathnú ar an gCúrsa

Tóg Gairm san Oideachas Luathbhlianta Trí Ghaeilge

Is féidir ár gcúrsa cúram leanaí ar fad a dhéanamh trí mheascán de sheisiúin ar líne agus duine le duine agus tá sé oscailte do dhaoine atá ag obair nó ar mian leo oibriú i suíomh lán-Ghaeilge Luathbhlianta áit ar bith sa tír. Cuirimid trí chúrsa cúram leanaí éagsúla ar fáil faoi láthair:

Cúram Leanaí cúrsaí

Faigh an Leibhéal Ceart Duitse

  • Leibhéal 2

    Tá an leibhéal seo dírithe orthu siúd ar mian leo oibriú le páistí mar chúntóir cúraim leanaí. Tá an leibhéal seo fóirsteanach dóibh siúd nach bhfuil ach beagán taithí nó nach bhfuil taithí ar bith acu ar obair le páistí. Is féidir an leibhéal seo a chríochnú thar 6-10 mí.

    fiosrúchán faoin gcúrsa seo.
  • Leibhéal 3

    Tá an leibhéal seo dírithe orthu siúd ar mian leo oibriú mar mhaoirseoirí i suíomhanna luathbhlianta. Tá an leibhéal seo fóirsteanach dóibh siúd atá ag obair cheana féin nó a bhfuil taithí acu roimhe seo ar obair le páistí. Is féidir an leibhéal seo a chríochnú thar 10-18 mí.

    fiosrúchán faoin gcúrsa seo.
  • Leibhéal 5

    Tá an leibhéal seo dírithe orthu siúd ar mian leo oibriú i róil bhainistíochta i suíomhanna luathbhlianta. Tá an leibhéal seo fóirsteanachach dóibh siúd a bhfuil taithí shuntasach acu ag obair le páistí nó dóibh siúd atá ag obair faoi láthair mar mhaoirseoirí nó i róil bhainistíochta taobh istigh de shuíomhanna luathbhlianta. Is féidir an leibhéal seo a chríochnú thar 12-24 mí. Éilíonn an leibhéal seo tiomantas suntasach agus déanfar scanadh scileanna orthu siúd ar mian leo a bheith san áireamh le hoiriúnacht a chinntiú.

    fiosrúchán faoin gcúrsa seo.

Ár gCúrsaí

Scileanna, Muinín agus Pobal a Chothú

Cibé acu atá tú ag iarraidh gairm nua a thosú nó cur le do ról reatha, cuireann Gaelchúrsaí oiliúint phraiticiúil agus chreidiúnaithe ar fáil sna nithe seo a leanas:

Amharc ar na Cúrsaí Uilig
Faded white network symbol

Téigh i dTeagmháil

Tosaíonn do thodhchaí sa Cúram Leanaí anseo

Cibé an bhfuil tú díreach ag tosú amach nó réidh le bogadh isteach sa cheannaireacht, treoróimid thú chuig an gcúrsa atá ceart duitse.

Déan Fiosrúchán