Fáilte go Gaelchúrsaí
Gaeilgeoirí a Chumhachtú trí Fhoghlaim Phraiticiúil
Cuireann Gaelchúrsaí oiliúint dheimhnithe, dírithe ar an tionscal ar fáil trí mheán na Gaeilge d’fhoghlaimeoirí atá 16 bliana d’aois agus os a chionn.
Tacaíonn ár gcúrsaí agus ár gcláir phraiticiúla le fíorchonairí gairme agus ag an am chéanna neartaíonn siad pobail Ghaeilge. Tá an oiliúint ar fad curtha in oiriúint le freastal ar riachtanais Gaeilgeoirí in earnálacha éagsúla.
Foghlaim níos mó fúinnÁr gCúrsaí
Scileanna, Muinín agus Pobal a Chothú
Cibé acu atá tú ag iarraidh gairm nua a thosú nó cur le do ról reatha, cuireann Gaelchúrsaí oiliúint phraiticiúil agus chreidiúnaithe ar fáil sna nithe seo a leanas:
féach ar na cúrsaí go léirCláir
Ag cuidiú leat Fás, Foghlaim agus Bláthú
Idir dhaoine atá ag fágáil na scoile agus iad siúd atá ar lorg tús nua, cuirimid réimse de chláir shaincheaptha ar fáil:
-
Fanacht ar scoil iar-16
Tá ár gclár ‘fanacht ar scoil’ Iar-16 deartha go sonrach bunaithe ar riachtanais dhaltaí Choláiste Feirste i mbliain 13 agus 14. Tugann an clár seo deis do dhalta ag an scoil filleadh ar scoil i ndiaidh TGM agus rochtain a fháil ar ghairmoiliúint in NVQ nó Dioplóma aitheanta agus é san am chéanna ag déanmah staidéir ar scoil.
faigh amach níos mó -
Scileanna don tSaol agus don Obair
Is clár oiliúna é Scileanna don tSaol agus don Obair atá dírithe ar dhuine ar bith atá 16 nó 17 mbliana d’aois a d’fhág an scoil. Cuireann an clár oiliúint ar fáil i réimse gairme, chomh maith le Matamaitic, Béarla, TFC agus Infhostaitheacht.
faigh amach níos mó -
Acadaimh
Tá ár n-acadaimh ar fáil do dhuine ar bith os cionn 16 bliana d’aois atá ag iarraidh cáilíocht a bhaint amach le fostaíocht a fháil nó do dhuine ar bith atá ag iarraidh cáilíocht a bhaint amach le post ar phá níos fearr a fháil.
faigh amach níos mó -
Printíseachtaí
Oiliúint ar an láthair oibre ina dtuilleann tú de réir mar a fhoghlaimíonn tú
faigh amach níos mó -
OBAIR
Tacaíonn clár OBAIR le foghlaimeoirí agus iad ag bogadh isteach i bhfostaíocht trí ghairmoiliúint, scileanna infhostaitheachta agus meantóireacht duine le duine a chomhcheangal. Is minic a thógtar é in éineacht le clár eile chun dul chun cinn rianúil isteach san obair a chinntiú.
faigh amach níos mó
Nuacht & Imeachtaí is Déanaí
Cad atá ag Tarlú
ag Gaelchúrsaí
Éist lenár bhfoghlaimeoirí, déan iniúchadh ar a dturas, agus faigh amach conas atá Gaelchúrsaí ag déanamh difríochta. Ó scéalta ratha go lainseálacha cúrsaí nua agus imeachtaí pobail, fan ar an eolas faoi na rudaí atá ag tarlú ar fud ár líonra
Cén Fáth ar Chóir Duit Gaelchúrsaí a Roghnú?
Oiliúint trí Ghaeilge
Cuirtear na cúrsaí ar fad ar fáil i nGaeilge nó go dátheangach agus tacaíonn siad le líofacht agus muinín chultúrtha
Cáilíochtaí Aitheanta
Cuirimid oiliúint dheimhnithe ar fáil ó Leibhéal 1 go Leibhéal, creidiúnaithe ag príomhchomhlachtaí dámhachtana
Cuimsitheach agus Inrochtana
Tá ár gcláir deartha d'fhoghlaimeoirí de gach aois agus cúlra, idir fhágálaithe scoile agus daoine atá ag athrú gairme
Scileanna atá tábhachtach
Táimid ag díriú ar scileanna praiticiúla a bhaineann leis an tionscal a mbíonn deiseanna fostaíochta mar thoradh orthu go díreach















