Cé muid?

Cad a Dhéanann Sinn Difriúil?

Chomh maith le hoiliúint a chur ar chainteoirí óga Gaeilge in ábhair ghairmiúla agus iad a ullmhú le dul i mbun fostaíochta, cuirimid oiliúint ar bhaill foirne reatha i suíomhanna lán-Ghaeilge, i scoileanna, i ngnólachtaí agus in eagraíochtaí.

Ní hionann sinn agus eagraíochtaí oiliúna eile toisc nach gnátheagraíocht oiliúna ná coláiste breisoideachais muid. Déanaimid an bhearna idir an dá cheann a dhruidim trí cháilíochtaí agus seirbhísí gairme, acadúla agus obairbhunaithe a sholáthar faoin aon díon amháin. Tá ár bhfoghlaimeoirí idir 16 agus os cionn 60 bliain d’aois.

Faigh amach ár gCúrsaí
Gael Chursai

Ár gCláir Oiliúna

Scileanna, Muinín agus Pobal a Fhorbairt

Gael Chursai

Faoi láthair, cuireann Gaelchúrsaí oiliúint ar fáil ó leibhéal 1 go leibhéal 5 i roinnt réimsí gairme lena n-áirítear:

  • Cúram Leanaí
  • Tacú le Teagasc agus Foghlaim
  • Pluiméireacht
  • Gruagaireacht
  • Teiripe Scéimhe
  • Lónadóireacht
  • Fáilteachas
  • Siúinéireacht
  • Bearbóireacht
  • Ceannaireacht agus Bainistíocht.

Cuireann Gaelchúrsaí roinnt cúrsaí eile ar fáil chomh maith ar nós :

  • Garchabhair
  • Sláinte agus Sábháilteacht
  • Sábháilteacht Bia
  • Cumhdach
  • Oiliúint d’Oifigigh Ainmnithe agus Éagsúlacht
  • Comhionannas agus Cuimsiú
  • chomh maith le líon beag TGM.

Cáilíocht agus Aitheantas

Creidiúnaithe ag Príomhchomhlachtaí Dámhachtana

Táimid cláraithe ar Chlár na Soláthraithe Oiliúna agus tá aitheantas ionaid againn ó roinnt eagraíochtaí dámhachtana, lena n-áirítear

Gael Chursai Awarding bodies
Gael Chursai Awarding bodies
Gael Chursai Awarding bodies
Gael Chursai Awarding bodies
Gael Chursai Awarding bodies
Gael Chursai Awarding bodies
Gael Chursai Awarding bodies
Gael Chursai Awarding bodies
Gael Chursai Awarding bodies
Gael Chursai Awarding bodies
Gael Chursai Awarding bodies
Gael Chursai Awarding bodies
Gael Chursai Awarding bodies
Gael Chursai Awarding bodies
Gael Chursai Awarding bodies
Gael Chursai Awarding bodies
Gael Chursai Awarding bodies
Gael Chursai Awarding bodies
Gael Chursai Awarding bodies
Gael Chursai Awarding bodies
Gael Chursai Awarding bodies
Gael Chursai Awarding bodies
Gael Chursai Awarding bodies
Gael Chursai Awarding bodies
Gael Chursai Awarding bodies
Gael Chursai Awarding bodies
Gael Chursai Awarding bodies
Gael Chursai Awarding bodies
Gael Chursai Awarding bodies
Gael Chursai Awarding bodies
Gael Chursai Awarding bodies
Gael Chursai Awarding bodies

Ár Misean Sóisialta

Cumhachtú Pobail Trí Oideachas

Mar chuideachta fiontraíochta sóisialta, is cuid dár ról oiliúint a chur ar fáil dóibh siúd is leochailí ó mhíbhuntáiste agus ó chruatan eacnamaíoch.

Is é an aidhm atá againn na cúrsaí oiliúna sin a chur i bhfeidhm a líonann na bearnaí sa mhargadh reatha go díreach. Trí bheith ag obair go dlúth le daoine óga agus le fostóirí, tá sé d’aidhm againn a chinntiú gurb iad na scileanna a thugaimid do na daoine óga na scileanna a iarrann na fostóirí.

Faded white network symbol

Tacaíocht a thabhairt don Gaeilge san Oideachas

Scileanna a Neartú Tríd an nGaeilge

Tá an Ghaeilge ag éirí níos mó agus níos mó mar chuid den ghníomhaíocht eacnamaíoch ag cur le cuspóirí agus spriocanna fostaíochta ar fud na tíre.

Aithnímid an buntáiste ollmhór a bhaineann le hoiliúint trí mheán na Gaeilge, go háirithe maidir le bacainní a shárú. Téann sé go croílár saincheisteanna cosúil le rochtain, dul chun cinn agus rogha. Sin an fáth a bhfuil Gaelchúrsaí tiomanta go láidir do chinntiú go bhfuil luach sóisialta mar chuid de na rudaí uilig a chuirimid ar fáil.

Déan Fiosrúchán