Gaelchúrsaí

Samhain 2025

  1. Réamhrá

Tá Gaelchúrsaí tiomanta do phríobháideachas ár ndaltaí, ár gcuairteoirí ar an tsuíomh gréasáin agus ár gcliaint a chosaint.

Míníonn an Polasaí Príobháideachais seo an dóigh a mbailímid, a n-úsáidímid, a nochtaimid agus a gcosnaímid do chuid faisnéise pearsanta nuair a thugann tú cuairt ar ár suíomh gréasáin nó nuair a phléann tú lenár seirbhísí oiliúna.

Trí úsáid a bhaint as ár suíomh gréasáin nó trí chlárú inár gcláir, aontaíonn tú leis na cleachtais a thuairiscítear sa pholasaí seo.

  1. Eolas a bhailímid

Féadfaimid na cineálacha eolais seo a leanas a bhailiú:

2.1 Eolas Pearsanta

  • Ainm iomlán
  • Seoladh ríomhphoist
  • Uimhir ghutháin
  • Seoladh poist
  • Dáta breithe (más gá le haghaidh incháilitheacht oiliúna)
  • Doiciméid aitheantais
  • Faisnéis íocaíochta

2.2 Oiliúint & Eolas Acadúil

  • Sonraí cláraithe
  • Aighneachtaí measúnaithe
  • Taifid tinrimh
  • Deimhniúcháin a baineadh amach

2.3 Sonraí Teicniúla / Úsáide

  • Seoladh IP
  • Cineál agus leagan brabhsálaí
  • Sonraí fianán
  • Leathanaigh ar tugadh cuairt orthu
  • Am a chaitear ar leathanaigh
  • Eolas faoi ghléas

2.4 Fianáin agus Teicneolaíochtaí Rianaithe

Bainimid úsáid as fianáin le feidhmiúlacht an tsuímh ghréasáin a fheabhsú, ábhar a phearsanú, agus anailís a dhéanamh ar fheidhmíocht an tsuímh ghréasáin. Féadfaidh tú fianáin a dhíchumasú i socruithe do bhrabhsálaí, ach b’fhéidir nach n-oibreoidh roinntde na gnéithe mar is ceart.

  1. An Dóigh a nUsáidfimid do chuid Eolais

Féadfaimid do chuid eolais a úsáid leis na rudaí a  leanas a dhéanamh:

  • Do chlárú a phróiseáil agus cláir oiliúna a sheachadadh
  • D’aitheantas a fhíorú
  • Seirbhísí tacaíochta a chur ar fáil
  • Teastais a eisiúint agus taifid na mac léinn a choinneáil
  • Íocaíochtaí agus sonraisc a bhainistiú
  • Feabhas a chur ar ár suíomh gréasáin agus ar eispéireas úsáideora
  • Nuashonruithe seirbhíse, eolas faoi chúrsaí, nó cumarsáidí margaíochta a sheoladh (is féidir leat éirí as seo in am ar bith)
  • Ceanglais rialála nó tuairiscithe a chomhlíonadh
  1. Bunús Dlíthiúil le haghaidh Próiseála (Más infheidhme faoi RGCS)

Próiseálaimid do shonraí pearsanta faoi na rudaí a leanas:

  • Toiliú (e.g. cumarsáidí margaíochta)
  • Riachtanas conarthach (clárú agus seachadadh cúrsa)
  • Oibleagáid dhlíthiúil (ceanglais maidir le taifid oiliúna a choinneáil)
  • Leas dlisteanach (anailísíocht láithreán gréasáin, feabhsúcháin ardáin)
  1. An Dóigh a Roinnimid Do Chuid Eolais

Féadfaimid do chuid sonraí a roinnt leis na daoine a leanas:

  • Comhlachtaí creidiúnaithe, rialtóirí, nó gníomhaireachtaí rialtais (nuair is gá)
  • Comhpháirtithe oiliúna nó fochonraitheoirí a bhfuil baint acu le seachadadh cúrsaí
  • Próiseálaithe íocaíochta
  • Soláthraithe seirbhíse TF, ardáin LMS, agus soláthraithe stórála scamall
  • Iniúchóirí comhlíonta

dhíolaimid ná ligimid d’eolas pearsanta ar cíos.

  1. Stóráil Sonraí & Slándáil

Glacaimid bearta réasúnta teicniúla agus eagraíochtúla le do chuid eolais a chosaint, lena n-áirítear:

  • Naisc chriptithe (SSL)
  • Freastalaithe agus ballaí dóiteáin slán
  • Rialuithe rochtana agus oiliúint rúndachta foirne
  • Monatóireacht rialta ar an chóras

Mar sin féin, níl aon tarchur ar líne 100% slán, agus ní féidir linn cosaint iomlán a ráthú.

  1. Coinneáil Sonraí

Ní choinnímid eolas pearsanta ach chomh fada agus is gá le haghaidh na rudaí a leanas:

  • Seachadadh oiliúna
  • Críocha deimhniúcháin agus fíoraithe
  • Oibleagáidí dlíthiúla agus rialála
  • Coimeád taifead inmheánach

Nuair nach bhfuil gá le heolas a thuilleadh, scriostar nó anaithnidítear í go slán.

  1. Do Chearta

Ag brath ar do shuíomh, d’fhéadfadh cearta a bheith agat lena n-áirítear:

  • Rochtain ar d’eolas pearsanta
  • Scriosadh a iarraidh (“ceart go ndéanfaí dearmad air”)
  • Próiseáil a shrianadh
  • Iniomparthacht sonraí
  • Toiliú a tharraingt siar
  • Gearán a dhéanamh le húdarás cosanta sonraí

Is féidir leat na cearta seo a fheidhmiú trí theagmháil a dhéanamh linn ag baint úsáid as na sonraí thíos.

  1. Naisc Tríú Páirtí

D’fhéadfadh naisc chuig suíomhanna tríú páirtí a bheith ar ár suíomh gréasáin. Níl muid freagrach as cleachtais phríobháideachais na suíomhanna gréasáin sin.

  1. Príobháideachas Páistí

Ní bhailímid eolas go feasach ó pháistí gan toiliú tuismitheora. Má chreideann tú gur chuir páiste eolas ar fáil gan chead, déan teagmháil linn agus bainfimid ar shiúl é. Tá cóip dár bpolasaí um chumhdach ar fáil ach í a iarraidh.